Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 12:1-17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus do thionnsgain sé labhairt ríu a gcosamhlachdaibh. Ag rádh, Do chuir duine áirighthe fíneamhuin, agus do chuir sé fál na timcheall, agus do thochuil sé ionad brúighte an fhióna, agus do thóg sé tor, agus tug sé ar chiós do sgológaibh í, agus do chúaidh sé féin a goigcrích.

2. Agus do chuir sé searbhfhoghantuidhe chum na sgológ na am féin, do chum go bhfuigheadh sé ní do thoradh na fíneamhna ó na sgológuibh.

3. Achd ar mbreith air dhóibhsean, do bhuaileadar, agus do leigeadar úatha folumh é.

4. Agus a rís do chuir sé chuca searbhfhoghantuighe eile; agus ar ngabháíl do clochaibh ar an bhfear sin, do bhriseadar a cheann, agus do chuireadar úatha fá mhíomhodh é.

5. Agus a rís do chuir sé neach eile chuca; agus do mharbhadar an fearsin, agus mórán eile; ag buáladh coda aca, agus ag marbhadh coda eile.

6. Achd do bhí aige fós éun mhac, a mháin ionmhuin, agus do chuir sé éisean mar an gceadna chuca fá dheireadh, ag rádh, Do bhéuruid síad onóir dom mhac.

7. Achd a dubhradar na sgológa eatorra féin, Is é so an toidhre; tigidh, marbhum é, agus budh linn féin an oidhreachd.

8. Agus ar mbreith air, do mharbhadar é, agus do theilgeadar as an bhfíneamhain a mach é.

9. Ar a nadhbharsin créud dhéanas tighearna na fíneamhna? Tiocfaidh sé agus sgriosfuidh sé na sgológa, agus do bhéura sé an fhíneamhuin do dháoinibh eile.

10. An né nár léughabhair an sgriobtúir so; An chloch do dhíultadar na sáoir is í atá air na déanamh na ceann sa chúainne:

11. Is é an Tighearna do rinne so, agus is iongnadh é ann ar súilibhne.

12. Agus do iarradarsan breith air, achd do bhí eagla an phobail orrtha: óir do thuigeadar gur ab na naghaidh féin a dubhairt sé an chosamhlachd sin, agus ar na fhagbhail do imthigheadar rompa.

13. Agus do chuireadar chuige dream airighe do na Phairisíneachuibh agus do mhuinntir Iorúaith, do chum go ngreamóchaidís é an a chaint.

14. Agus an tan tháinic síad, á dubhradar ris, A Mhaighisdir, a tá a fhios aguinne go bhfuil tusa firinneach, agus nach bhfuil cás agad a náonduine: óir ní fhéuchann tú ar phearsuinn na ndáoine, achd múinidh tú slighe Dé do réir ná fírinne: An ceaduigheach cíos do thabhairt do Shéasar, nó gan a thabhairt?

15. An dtiubhrum, no nach dtiubhrum? Agus ar naithne a cceilge dhósan, a dubhairt sé riú, Créd fá ccurtháoi cathughadh oram? Tabhruidh chugam pighinn, dá féuchain.

16. Agus tugadarsan sin léo. Agus a dubhairt seision riu, Cía dár an iomháigh so? Agus cía ré a mbeannan an sgríbhinn? agus a dubhradar ris, Ré Séasar.

17. Agus a bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Tabhruidh do shéasar na neithe is lé Séasar, agus do Dhía na neithe is lé Día. Agus do biongnadh léo é.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 12