Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 10:43-52 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

43. Achd cheana ní mar sin bhías sé eadruibhsi: achd gidh bé lé nab mian bheith na dhuine mhór bhur meásgsa, bíaidh sé na óglach aguibh.

44. Agus gidh bé aguibh lé nab mían bheith a dtosach, bíodh sé na sheirbhíseach ag cách uile.

45. Oír ní tháinic Mac an duine ionnas go ndéantuigh seirbhís dó, achd do dhéanamh seirbhísi, agus do thabhairt a anma féin mar éiric ar son mhórain.

46. Agus tangadar go Iericó: agus ar nimtheachd dósan agus á dheisciobluibh agus do bhuidhin mhóir as Iericó, do shuidh an dall Bartiméus, mac Thiméus, ar a tslighe ag iarruidh déirce.

47. Agus an tan do chúaliuidh sé gur be Iósa Nasardha do bhí ann, do thionnsgain sé éighmhe, agus a rádh, A Iósa mhic Dhaibhí, déana trócaire orum.

48. Agus do imdheargadar mórán é, do chum go mbíadh sé na thochd: achd is móide do éighmheadh seision sin, A mhic Dhaibhí, déuna trócaire oram.

49. Agus ar seasamh Díosa, a dubhairt sé, eisean do ghairm chuige. Agus do ghoireadarsan an dall, dá rádh ris, Bíodh dóchas maith agad, éirigh; a tá sé dod ghairm.

50. Agus ar dteilgean a bhruit úadh dhosan, do éirigh se, agus táinic sé chum Iósa.

51. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ris, Créud is mían leachd misi do dhéunamh dhuit? Achd a dubhairt an dall ris, A mhaighisdir, mo radharc aiseag dhamh.

52. Agus a dubhairt Iósa ris, Imthigh; do shlánuigh do chreideamh thú. Agus ar an mball fuair sé a radharc, agus do lean sé Iósa sa tslighe.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 10