Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 10:40-47 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

40. Achd suidhe ar mo láimh dheis agus ar mo láimh chli, ní leamsa a thabhairt úaim: achd don dream dar hullmhuigheadh é.

41. Agus an tan do chúaladar an deichneabhar so, do thionnsgnadar míchéadfaidh do dhéunamh ar Shéumas agus air Eóin.

42. Agus ar na ngairm chuige Díosa, a dubhairt sé ríu, A tá a fhios aguibh an mhuinntir agá bhfuil cumhachda ar na Cineadhachaibh go bhfuil tighearnus aca orrtha; agus go mbid a ndáoine mórá tréún orrtha.

43. Achd cheana ní mar sin bhías sé eadruibhsi: achd gidh bé lé nab mian bheith na dhuine mhór bhur meásgsa, bíaidh sé na óglach aguibh.

44. Agus gidh bé aguibh lé nab mían bheith a dtosach, bíodh sé na sheirbhíseach ag cách uile.

45. Oír ní tháinic Mac an duine ionnas go ndéantuigh seirbhís dó, achd do dhéanamh seirbhísi, agus do thabhairt a anma féin mar éiric ar son mhórain.

46. Agus tangadar go Iericó: agus ar nimtheachd dósan agus á dheisciobluibh agus do bhuidhin mhóir as Iericó, do shuidh an dall Bartiméus, mac Thiméus, ar a tslighe ag iarruidh déirce.

47. Agus an tan do chúaliuidh sé gur be Iósa Nasardha do bhí ann, do thionnsgain sé éighmhe, agus a rádh, A Iósa mhic Dhaibhí, déana trócaire orum.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 10