Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 1:31-39 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

31. Agus táinic seision na cionn agus do thóg sé í, ag breith ar láimh uirrthe; agus do dhealuigh an fíabhrus ría ar am mball, agus do rinne si friothólamh dhóibh.

32. Agus an tan do bhí deireadh an láoi ann, ar ndul don ghréin fáoi, tugadar chuige gach áon dá raibh easlan, agus an a rabhadar deamhain.

33. Agus do bhí an chathair uile ar gcruinniughadh chum an doruis.

34. Agus shlánuigh sé mórán ar a rabhadar easláinteadha ilghnétheacha, agus do theolg sé amach mórán deamhan; agus níor fhulaing sé do na deamhnuibh a rádh, go raibh éolus aca air.

35. Agus ar maidin, go romhoch ar néirghe dhó a ndeireadh na hoidhche, do chúaidh sé amach, agus do imthigh sé go háit fhásamhuil, agus do rinne sé urnuighthe ann sin.

36. Agus do lean Siómon é, agus an dream do bhí na fhochuir.

37. Agus an tan fúaradar é, a dubhradar ris, Atá gach áonduine dod íarruigh.

38. Agus a deir seision ríu, Déanam do na bailtibh beaga so láimh rinn, do chum go ndéanuinn seanmoir ann sin leis: óir is chuige so tháínic me a mach.

39. Agus do rinne sé seanmoir an a sionagógaibh ar feadh na Galilé uile, agus do theilg sé na deamhain a mach.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 1