Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 1:26-37 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

26. Agus do réub an spiorad neamhglan é, agus ag eimhghe do ghuth árd, táinic se a mach as.

27. Agus do ghabh úathbhás cách uile, ionnus gur fhíafruigheadar eatorra féin, ag rádh, Créd é so? créd é an teagusg núadh so, go gcuireann sé smachd maille ré cumhachduibh ar na spioraduibh neamhghlana, agus do númhluighid dho,

28. Agus do chúaidh a chlúsan ar an mball ar feadh na tíre uile a dtimcheall na Galilé.

29. Agus mar is lúaithe, do chúadar as an tsionagoig, tangadar go tigh Shimóin agus Sindriáis, ma ráon ré Súemas agus ré Héoin.

30. Agus do bhí mathair mhná Shimóin na luighe a bfiabhrus, agus do labradarsan do láthair risean na tímcheall.

31. Agus táinic seision na cionn agus do thóg sé í, ag breith ar láimh uirrthe; agus do dhealuigh an fíabhrus ría ar am mball, agus do rinne si friothólamh dhóibh.

32. Agus an tan do bhí deireadh an láoi ann, ar ndul don ghréin fáoi, tugadar chuige gach áon dá raibh easlan, agus an a rabhadar deamhain.

33. Agus do bhí an chathair uile ar gcruinniughadh chum an doruis.

34. Agus shlánuigh sé mórán ar a rabhadar easláinteadha ilghnétheacha, agus do theolg sé amach mórán deamhan; agus níor fhulaing sé do na deamhnuibh a rádh, go raibh éolus aca air.

35. Agus ar maidin, go romhoch ar néirghe dhó a ndeireadh na hoidhche, do chúaidh sé amach, agus do imthigh sé go háit fhásamhuil, agus do rinne sé urnuighthe ann sin.

36. Agus do lean Siómon é, agus an dream do bhí na fhochuir.

37. Agus an tan fúaradar é, a dubhradar ris, Atá gach áonduine dod íarruigh.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 1