Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 1:17-29 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

17. Agus a dubhairt Iósa ríu, Leanaidh misi, agus do dhéana mé íasguireadha ar dháoinibh dhíbh.

18. Agus ar bhfagbháil a líontadh ar an mball dóibhsion, do leanadar é.

19. Agus ar nimtheachd dó beagan as sin, do chonnairc sé Séumas mhac Sebede, agus Eoin a dhearbhráthair, agus íad a luing ag córugbadh a líontadh.

20. Agus do ghoir sé íad ar an mball: agus ar bhfagbháil Sebedé a nathar dhóibhsion an sa luing maille ris an luchd túarasdail, do leanadar é.

21. Agus tíaghuid a sdeach go Capernáum; Agus ar an mball sá stsabbóid do chúaidh Iosa don tsionsgóig, agus do theaguisg sé ann.

22. Agus do ghabh iongnadh íadsan fá na theagasg: óir do theaguisg sé íad mar neach agá raibh cumhachda, agus ní mar na sgríobuighe.

23. Agus do bhí an a sionagólgsion neach an a raibh spiorad neamhghlan; agus do éigh sé,

24. Ag rádh, leigdhin créd í an bhúain atá aguinne ríotsa, a Iósa Nasardha? an dtáinic tú dár sgriosne? a tá a fhios agamsa cía thú, Neach Náomhtha Dé.

25. Agus do bhagair Iósa air, ag rádh, Bí ad thochd, agus tárr a mach as.

26. Agus do réub an spiorad neamhglan é, agus ag eimhghe do ghuth árd, táinic se a mach as.

27. Agus do ghabh úathbhás cách uile, ionnus gur fhíafruigheadar eatorra féin, ag rádh, Créd é so? créd é an teagusg núadh so, go gcuireann sé smachd maille ré cumhachduibh ar na spioraduibh neamhghlana, agus do númhluighid dho,

28. Agus do chúaidh a chlúsan ar an mball ar feadh na tíre uile a dtimcheall na Galilé.

29. Agus mar is lúaithe, do chúadar as an tsionagoig, tangadar go tigh Shimóin agus Sindriáis, ma ráon ré Súemas agus ré Héoin.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcus 1