57. Agus tárla, ar nimtheachd dóibh san tslíghe, go ndúbhairt neach áirighe rision, Leanfuidh misi thú gidh bé háit ann a racha tú, a Thighearna.
58. Agus a dubhairt Iósa ris, Ataíd fúachaisighe ag na sionnchaibh, agus neíd ag éanlaith a naiéir; achd ní bhfuil áit ag Mac an duine ann a gcurfeadh sé a cheann.
59. Agus a dubhairt sé ré neach eile, Leansa misi, Achd a dubhairt seision, A Thighearna, leigh dhamh imtheachd ar túís agus mathair daghlacadh.
60. Achd a dubhairt Iósa ris, Leíg do na marbhuibh a mairbh féin daghlacadh: achd imthighsi, agus déana rioghachd Dé do sheanmóir.
61. Agus mar an gcéadna a dubhairt neach eile, Leanfuidh misi thú, a Thighearna; Achd leigh dhamh ar tús mo chead do ghabháil, ag am mhuinntir.
62. Achd a dubhairt Iósa ris, Gidh bé neach chureas a lámh ar an gcéuchd, agus fhéachas na dhíaigh, ní bhfuil se iomchubhaidh do ríoghachd Dé.