Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 9:49-62 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

49. Agus ar bhfreagra Déoin a dubhairt sé, A Mhaighisdir, do chunncamairne duine áirighe ag teilgean deamhan a mach ad ainuisi; agus do thoirmeasgamar é, ar son nach leananu sé dhínne.

50. Agus a dubhairt Iósa ríu, Ná toirmeasuidh é: oir gidh bé nach bhfuil ar naghuidh atá sé linn.

51. Agus tárla, an tan do coímhliónadh laéthe a nglacfaidh súas é, gur chuir sé roimhe go daingion dul go Hiárusaléim.

52. Agus do chuir sé teachdairighe róimhe: agus ar nimtheachd dóibh, do chúadara sdeach a mbaile na Samáritánach, do chum go ndéanaidís ullmhaghadh roimhesion.

53. Achd niór ghabhadársan chuca é, ar son go raibh a agháidh mar bhiagh sé dul go Hiarusalém.

54. Agus an tráth do chuncadar a dheisciobuilsion Séumas agus Eóin so, a dubhradar, A Thighearna, a naill leachd go nabramáois teine do theachd a núas ó neamh, dá losadh síad, mar do rinne Elías leis?

55. Agus ar gcasadh dhó, do imdhearg sé iad, agus a duibhairt sé, Ní bhfuíl a fhios aguibh créd é an spiorad dár dhe sibh.

56. Oír ní thaínic Mac an duine do sgríos anmann na ndáoine, achd dá slánughadh. Agus do chúadar as sin go bhaile eile.

57. Agus tárla, ar nimtheachd dóibh san tslíghe, go ndúbhairt neach áirighe rision, Leanfuidh misi thú gidh bé háit ann a racha tú, a Thighearna.

58. Agus a dubhairt Iósa ris, Ataíd fúachaisighe ag na sionnchaibh, agus neíd ag éanlaith a naiéir; achd ní bhfuil áit ag Mac an duine ann a gcurfeadh sé a cheann.

59. Agus a dubhairt sé ré neach eile, Leansa misi, Achd a dubhairt seision, A Thighearna, leigh dhamh imtheachd ar túís agus mathair daghlacadh.

60. Achd a dubhairt Iósa ris, Leíg do na marbhuibh a mairbh féin daghlacadh: achd imthighsi, agus déana rioghachd Dé do sheanmóir.

61. Agus mar an gcéadna a dubhairt neach eile, Leanfuidh misi thú, a Thighearna; Achd leigh dhamh ar tús mo chead do ghabháil, ag am mhuinntir.

62. Achd a dubhairt Iósa ris, Gidh bé neach chureas a lámh ar an gcéuchd, agus fhéachas na dhíaigh, ní bhfuil se iomchubhaidh do ríoghachd Dé.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 9