Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 9:35-42 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

35. Agus táinic gith as a néull, ag rádh, Ag so mo Mhac gradhachsa: éisdigh ris.

36. Agus ar teachd don ghuthsin, do fríoth Iósa na áonar. Agus do bhadarsan na dtochd, agus nior innisiodar dáonduine ann sna laéthibhsin ní ar bith dhá bhfacadar.

37. Agus tárla, an lá na dhiáighsin, ar ndul síos don tslíabh dhóibh, do dtárla slúagh mór airsion.

38. Agus, féuch, do éigh neach don tslúagh, ag rádh, A Mhaighisdir, iárruim ort, feuch ar mo mhac: oír a sé méinghein é.

39. Agus, féuch, beirídh an spiorad air, agus éimhigh sé go hobann; agus tairrngidh sé as a cheile é ag cur cubhair amach, agus is ar éigin fhágfas sé é tar éis a chomhmbrúghadh.

40. Agus diárr mé ar do dheiscioblaibhsi a chur as; achd níor fhéadadar.

41. Agus ar bhfreaga Díosa a dubhairt sé, A chineadh míchreidmheach cláon, ga fad fós bhiás mé eadruibh, agus fhuileongas mé sibh? Tabhair do mhác leachd an so.

42. Agus ad teachd chuige dhó, do bhúail an deamhan síos é, agus do tharruing sé as a cheile é. Achd do imdhearg Iósa an spiorad neamhglan, agus do leighis sé an leanabh, agus thug sé dhá athair fein é.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 9