Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 9:10-24 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. Achd ar bhfilleadh do na habsdalnibh, dinnseadar dhósan gach ní dhá ndearnadar. Agus ar na mbreith leis do, do chuáidh sé fá Leith ar fhásach na ciathreacha dá ngoirthear Betsáida.

11. Agus an tan, do aithin an pubal sin, do leanadar é: agus ar na ngabháil chuige dhó, do labhair sé ria a dtimcheall rioghachda Dé, agus do shlánaigh sé an chuid díobh ar a raibh úireasbhuide leigbis.

12. Agus do bhí an lá ag dol thárrsa, agus trangadar an dá fhear dhég chuigesion, agus a dubhradar ris, Léigh uáit an slúagh, ionnus go numéochaidis fa na bailtibh agus fan tír do leathnughadh, agus go ccomhnuidhid, agus dfaigháil bídh: óir a tamáoid ann so a náit fhásamhuil.

13. Achd a dubhairt seision riú, Tabhruidhsi ní lé na ithe dhóibh. Agus a dubhradarsan, Ní bhfuil ní is mó aguinn ná cúig aráin agus dá iásglachsd mona dteímis do cheannach bidh don phobal so nile.

14. Oír do bhádar a dtimcheall chuig míle fear. Achd a dubhairt seisión ré na dheisciobluibh, Cuiridh na suidhe iád na gcaogadaibh.

15. Agus do rinneadarsan amhlaidh, agus do chuireadar na suidhe iád nile.

16. Agus ar ngabháil na gcúig narán agus an dá iásgdhósan, agus ar bhféachain sias ar neamh, do bheannuigh sé iád, agus do bhris sé, agus tug sé dhá dheisciobluibh iád do chum go gcuirfidís a bhfiadhnuisi an phubail iád.

17. Agus a dithadar, agus do sasaigheadh iad uile: agus do tógbhadh dhá chlíabh dhég do bhíadh bhrisde do bhí dfhuighioll aca.

18. Agus tárla, an tan do bhí sé na áonar ag déanamh urnuighe, go rabbadar a dheisciobuil na fhochair: agus gur fhíafruidh sé dhíobh, ag rádh, Créd a deir an slúagh cía misi?

19. Agus do fhreagradarsan agus a dubhradar, Eóin Baisde; agus cuid eile, Elías; agus cuid eile, gur éighe fáigh éigin do na seanfháighibh a rís.

20. Agus a dubhairt seision riú, Achd cred a deárthaoisi cía mé? agus ar bhfreagra do Pheadar a dubharit sé, Criosd Dé.

21. Agus ar ndeanamh bagiar orrtha dhó, do aithin sé íad gan so dinnisin do dhuine ar bith;

22. Ag rádh, Gur ab éigin do Mhac an duine mórán dfulang, agus a dhinltadh ó na sinnsearnibh agus ó úachdaránnibh na sagart agus ó na sgriobuidgibh, agus bás dfulang, agus éirghe an tres lá.

23. Agus a dubhairt sé riá uile, Madh áill ré héinneach misi do leanmhuin, díultadh sé dho féin, agus toghbadh sé a chros gach láoi agus leamadh sé misi.

24. Oír gidh bé lér ab aill an anam do shlánaghadh caillfidh sé é: agus gidh be chaillfeas a anam ar mo shousa, a sé so shláineochas é.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 9