Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 8:7-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. Agus do thuit cuid eile a measg deilguigh; agus ar bhfas don deilgneach a náoinfheachd ris, do thachdadar é.

8. Agus do thuit cuid eile a dtalamh mhaith, agus an tan do fhás sé, tug sé toradh céadach úadh. Agus ar na rádh so dhó, do éigh sé, Gidh be agá bhfuilid clúasa chum éisdeachda, éisdeadh sé.

9. Agus do fhiáfruigheadar a dheisciobuil de, ag rádh, Créd é an chosamhachdsin?

10. Agus a dubhairt seisean, Is dáoibhsi tugadh rúndiamhra rioghachda Dé daithniughadh: achd do chách eile a ccosamhlachduibh; ionnus ag faicsin dóibh nach bhfaicdís, agus ag cluinsin dóibh nach dtuigfidís.

11. Ag so an chosamhlachd: a sé an síol bríathar Dé.

12. Agus an dream úd chois na sligheadh a siad éisdeas; na dhiáigh sin tig an díabhal, agus tógbhuidh sé an bhriáthar as a gcróidhe, deagla go gcreidfidís agus go slánéochtháoi iád.

13. Agus an dream úd air an gcarruic, noch an tan do chluinid, gabhuid chuca an briathar maille lé gáirdeachus; achd ní bhfuil fréamh aca so, noch chreideas feadh tamuill, agus fhilleas ar a nais a naimsir an chathaigthe.

14. Achd an ní úd do thuit a measg na ndeilbneach, a siad so do éisd, achd ar nimtheachd dóibh, muchtar íad lé cúram agus lé saidhbhreas agus lé saímhe na beatha, agus ní thabhruid toradh úatha.

15. Achd an ní do thuit ann sa talamh mhaith, a said súd éisdeas ris an mbreithir, agus chungmhas é a gcroidhe shocraidh mhaith, agus do bheirid toradh úatha a bhfoighid.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 8