47. Agus an tráth do chonnairc an bhean gur hairigheadh í, táinic si ar crith, agus ag sléuchdain dósan, dfoillsigh sí dhó a bhriadhnaisi an phobuil uíle créd é an tádhbhar far chumail sí ris, agus cionnus do leigheasadh í ar an mball.
48. Agus a dubhairt seisean ría, Bíodh mainighin mhaith agad, a inghean: do shlánuigh do chreideamh thú; imthigh romhad a sióthcháin.
49. An feadh do bhí seision ag labhairt, táinic neach áirige ó úachdarán na sinagóige, da rádh ris, Fúair binghean bás; ná cuir buaidhreadh ar an Mhaghisdir.
50. Agus ar na chluinsin so Díosa, do fhreagair sé é, ag rádh, Na bíodh eagla ort: créid amhain, agus sláineóchthar í.
51. Agus ar ndul a sdeach don tigh dhó, níor fhuiling sé neach ar bith do dhul a sdeach, achd Peadar, agus Séumus, agus Eóin, agus athair agus mathair an chailín.
52. Agus do bhádar cách uile a gul, agus dá cáoineadhsa: achd a dubhairt seision, Ná guilidh; ní bhfuil sí marbh, achd na codladh.
53. Agus do rinneadarsan fonomhad faoi, tré go raibh a fhios aca go raibh sí marbh.
54. Agus ag cur cháich uile amach dhósan, agus ad breith ar a láimh, do éigh sé, ag rádh, A chalín, éirigh.
55. Agus táinic a spiorad a rís innte, agus déirigh sí ar an mball: agus do aithin sé bíadh do thabhairt dí.
56. Agus do ghabh úathbhás a hathair agus a mathair: gidheadh do áithin seision díobh gan an ní do rinneadh dinnísin do dhuine ar bith.