Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 8:30-40 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

30. Agus dfiafruidh Iósa dhé, ag rádh, Créd is ainm dhuit? Agus a dubhairt seision, Leighión: do brígh go ndeachádar mórán deamhan a sdeach ann.

31. Agus diárradar air gan a chur dfiachaibh ortha dul ann sa dubhaigen.

32. Agus so bhí tréd mór muc ann sin ag inghilt ar a tslíabh: agus diárradar air a léigean doibh dul ionnta. Agus dfulaing seísion sin dóibh.

33. Agus ar ndul do na deamhnuibh as an duine, do chúadar ann sna mucaibh: agus do rith an tréd muc ris a nail ann sa loch, agus do múchadh iád.

34. Agus an trath do chunncadar a háodhairidhe an ní do rinneadh an, do theitheadar, agus ar nimtheachd dóibh dinnseador sin ann sa chatruigh agus ar na machairibh.

35. Agus do chúadarsan amach dféachain an neith do rinneadh; agus tangadar dionnsuighe Iósa, agus fúaradar an duine, as a ndeachadar na deamhuin, a na éadughadh, agus é ar deaghcheill, na shuidhe ag cosaibh Iósa: agus go ghabh eagla íad.

36. Agus an dream do bhí dhá fhéachain dinnsigheadar dhóibsion cionnas do slánaigheadh an tí iona rabhadar na deamhuin.

37. Agus diárradar luchd chríche na Ngadarenach uile airsion imtheachd úatha; oír do bhí eagla ro mhór orrtha: agus ar ndol dósan ann sa luing, dfill sé tar ais.

38. Agus díarr an fear as a ndeachadar na deamhuin air, é fein do bheith na fhochair: achd léig Iósa úadh é, ag rádh,

39. Fill dod thigh féin, agus innis meúd na neitheann do rinne Día dhuit. Agus do imthigh seision, ar feadh na caithreach uile ag innisin créd íad na neithe do rinne Iósa dhó.

40. Agus tárla, an tan do fhill Iósa tar ais gur ghabh an sluagh chuca é: óir do bhádar uile ag feitheamh ris.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 8