Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 8:18-25 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

18. Ar a nadhbharsin tabhruidh bhur naire ribh cionnas éisdeas sibh: óir gidh be neach agá bhfuil, is dó do bhéarthar; agus gidh bé neach ag nach bhfuil, béarthar úadh an ní fós sháoiltear do bheith aige.

19. Agus tangadar a mhathair agus a dhearbhraithreacha chuige, agus níor bhéidir leó dul a ngar dhósan ón tslúagh.

20. Agus so hinniseadh dhó, ag rádh, Atá do mhathair agus do dhearbhraithreacha na seasamh a muigh, ag iarruidh tfáicsin.

21. Agus are bhfreagra dhósan a dubhairt sé riu, a siad so mo mhathairse agus mo dhearbhráithreacha noch éisdeas bríathar Dé, agus do ní dá réir.

22. Agus tárla lá áirighe, go ndeachaidh seisean agus a dheisciobuil a luing: agus a dubbhart sé riú, Déanam ar an táobh úd a nunn don loch. Agus do sdiúradar rompa.

23. Agus ag luingseórachd dóibh do thuit a chodladh airsean: agus do éirigh sdoirmgháoithe ar an loch; agus do líonadh súas íad, agus do bhádar a ngábhadh.

24. Agus ar ndol cuigesean dóibh, do dhúisgeadar é, ag rádh, A Mhaighisdir, a mhaighisdir, a támaoid ar fágbháil. Agus ar neirghe dhósan do bhagair sé ar an gaoith agus ar thonnghail a nuisge: agus do choisgeadar, agus tainic ciuinas ann.

25. Agus a dubhairt sé ríu, Cáit an a bhfuil bhar gcreideamh? agus ar mbeith le heagla dhóibhsion do ghabh iongnadh íad, ag rádh ré chéile, Cia be so! a deir ris na gáothaibh agus ris a nuisge fós bheith na dtochd, agus úmhluighid said dó.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 8