Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 8:14-27 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

14. Achd an ní úd do thuit a measg na ndeilbneach, a siad so do éisd, achd ar nimtheachd dóibh, muchtar íad lé cúram agus lé saidhbhreas agus lé saímhe na beatha, agus ní thabhruid toradh úatha.

15. Achd an ní do thuit ann sa talamh mhaith, a said súd éisdeas ris an mbreithir, agus chungmhas é a gcroidhe shocraidh mhaith, agus do bheirid toradh úatha a bhfoighid.

16. Achd ní bhfuil neach ar bith, Iasas coinneall, fholchas fáoi shouightheach í, ná chuireas fáoi leabuidh í; achd cuiridh sé a gcoinnleóir í, do chum go bhfaicfheadh an luchd théid a sdeach an solas.

17. Oír ní bhfuil éin ní foluightheach, nach déuntar follas; na secréideach, nach bhfuighthear a fhios agus nach dtiocfaidh chum soillsi.

18. Ar a nadhbharsin tabhruidh bhur naire ribh cionnas éisdeas sibh: óir gidh be neach agá bhfuil, is dó do bhéarthar; agus gidh bé neach ag nach bhfuil, béarthar úadh an ní fós sháoiltear do bheith aige.

19. Agus tangadar a mhathair agus a dhearbhraithreacha chuige, agus níor bhéidir leó dul a ngar dhósan ón tslúagh.

20. Agus so hinniseadh dhó, ag rádh, Atá do mhathair agus do dhearbhraithreacha na seasamh a muigh, ag iarruidh tfáicsin.

21. Agus are bhfreagra dhósan a dubhairt sé riu, a siad so mo mhathairse agus mo dhearbhráithreacha noch éisdeas bríathar Dé, agus do ní dá réir.

22. Agus tárla lá áirighe, go ndeachaidh seisean agus a dheisciobuil a luing: agus a dubbhart sé riú, Déanam ar an táobh úd a nunn don loch. Agus do sdiúradar rompa.

23. Agus ag luingseórachd dóibh do thuit a chodladh airsean: agus do éirigh sdoirmgháoithe ar an loch; agus do líonadh súas íad, agus do bhádar a ngábhadh.

24. Agus ar ndol cuigesean dóibh, do dhúisgeadar é, ag rádh, A Mhaighisdir, a mhaighisdir, a támaoid ar fágbháil. Agus ar neirghe dhósan do bhagair sé ar an gaoith agus ar thonnghail a nuisge: agus do choisgeadar, agus tainic ciuinas ann.

25. Agus a dubhairt sé ríu, Cáit an a bhfuil bhar gcreideamh? agus ar mbeith le heagla dhóibhsion do ghabh iongnadh íad, ag rádh ré chéile, Cia be so! a deir ris na gáothaibh agus ris a nuisge fós bheith na dtochd, agus úmhluighid said dó.

26. Agus do rinneader loingscórachd go crich na Ngadarénach, atá as comhair na Galilé a nunn.

27. Agus ar ndol a dtír dhósan, tárla óglach áirighe as an gcathruigh air, ann a rabhadar deamhuin re haimsir fhada, agus ag nach bíodh éadach uime, agus ní comhnuigheadh sé a dtigh, achd an sna tuámaidhibh.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 8