Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 7:5-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Oír atá grádh áige dar gcineadhne, agus do thóg sé sionagóg dhúinne.

6. Agus do chuaidh Iósa léo. Agus an tan do bhí sé a ngar don tigh, do chuir an caiptín a cháirde chuige, ag rádh ris, A Thighearna, Ná cuir búaidhreadh ort féin: óir ní fíu misi go rachfá a sdeach fá chléith mo thighe:

7. Ar a nadhbharsin níor mheas mé gur bhfíu mé féin dul ad ionnsuighe: achd abhuir a bhfocal, agus bíaidh móglach slán.

8. Oír as duine misi féin atá faoi chumhachdiabh. Aga bhfuilid saighdíuirigh fum, agus a deirim ris an bhfearso, Imthigh, agus imthighe sé; agus ré fear eíle, Tárr, agus thigh sé;

9. Agus ar ná gcloisdin so Díosa, do bhí iongnadh aige ann, agus ar bhfilleadh dhó, a dubhairt sé ris a tslúagh do lean é, A deirim ribh, Nach bhfuair mé a Nisrael féin, a chomhmór se do chreideamh.

10. Agus ar bhfilleadh a steach, do na teachduiribh do cuireadh chuige, fúaradar an searchfhoghantaidh do bhí tinn slán.

11. Agus tárla an lá na dhiáigh sin, go ndeachaidh sé don chathruigh dá ngoirthear Náin; agus do chúadar mórán dá dheisciobluibh leis, agus buidhean mhór.

12. Agus an tan tháinig sé a ngar do dhoras na caithreach, fénch, do bhí duine marbh agá bhreith amach, do bhí na áon mhac agá mháthair, agus í na baintreabhaigh; agus do bhí coimhthionól mór ón chathruigh na fochair.

13. Agus ar na faicsin don Tighearna, do ghabh trúaighe mhór dhi é, agus a dubhairt sé ría, Na guil.

14. Agus táinic sé agus do bhean sé ris an gcomhraidh: (agus do sheasadar an luchd do bhí agá iomchar) agus a dubhairt sé; A ógánaigh, a deirim riot, éirigh.

15. Agus déirigh an duine marbh na shuidhe, agus do thionnsgain sé labhairt. Agus tug sé dhá mháthair féin é.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 7