Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 7:32-38 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

32. As cosmhul íad re leanbuibh na suidhe ar áit an mharguidh, agus éighmheas ar á chéile, agus a deir: Dó rinneamair píobaireachd dhaóibh, agus ní dhearnabhair damhsa; do rinneamair caoí dhaóibh, agus ní dhearnabhair gul.

33. Oír tháinig Eóin Baisde ní ag ithe aráin ná ag ol fíona; agus a deirthísi, Atá deamhan ann.

34. Tháinic Mac an duine ag ithe agus ag ól; agus a deirthí, Feuch an duine cráosach, fioníobhaighe cara na bpuibliocán agus na bpeachthach!

35. Achd atá an eagna ar na sáoradh ó na cloinn féin uile.

36. Agus do íarr duine áirighe do na phairisíneachaibh air, bíadh ithe na fhochair. Agus ar ndul a sdeach go tigh an phairisínigh dhó, do shuidh sé sios chum bídh.

37. Agus, féuch, an tráth fúair bean don chatbraigh, do bhí na peachthach, a fhios go raibh sé na shuidhe ag bíadh a dtígh an phairisinigh, tug si bocsa ola lé,

38. Agus ar seasamh agá chosuibh don táobh shiar dhe ag gul, do thionnsgain sí a chosa dionnladh lé na déuruibh, agus a dtiurmughadh lé gruáig a cinn, agus do phóg sí a chosa, agus do ong sí leis an ola íad.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 7