Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 7:24-37 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

24. Agus an tráth do imthigheadar teachdairighe Eóin, do thionnsgoin seison a rádh ris an bpobal a dtimcheall Eóin, Créud é an ní agá ndeachabhair dhá fhéuchain amach ar an bhfásach? An giolcach ar na bhogadh ag an ngaoith?

25. Achd créud é an ní agá ndeachabhair amach dá Chéuchuin? Duine atá ar na éudughadh a néuduighibh mine? Féuch, an luchd bhíos a néudaighibh onóracha, agus a saimhe, is a bpálásuibh na ríogh bhíd said.

26. Achd créd é an ní agá ndeachubhair amach dhá fhéuchuin? Fáidh? A deirim ribh go firinneach, agus ní as mó ná faidh.

27. Ag so an te, ar a bhfuil sgríobhtha, Féuch, cuirim mo theachdaire romhad, oillmhéochus do shlighe romhad.

28. Oir a deirim ribh, Nach bhfuil éidir chlannuibh na mban faidh as mó ná Eóin Baisde: Achd cheana an té as lugha a rioghachd Dé as mó é na eisean.

29. Agus ar na gcloisdin so, do mholadar an pobal uile, agus na puibliocáin, Día, do bhí ar na mhaisdeadh ré baisdeadh Eóin.

30. Achd tugadar na Phairsínigh agus an luchd dlighe tarcuisne ar choinhairle Dé na naghuídh féin, gan a bheith ar na mhaisdeagh úadhsan.

31. Agus a dubhairt an Tighearna, Cía ré saimhéola mé daóine an chinidh so? agus cía ré ar comshuil íad?

32. As cosmhul íad re leanbuibh na suidhe ar áit an mharguidh, agus éighmheas ar á chéile, agus a deir: Dó rinneamair píobaireachd dhaóibh, agus ní dhearnabhair damhsa; do rinneamair caoí dhaóibh, agus ní dhearnabhair gul.

33. Oír tháinig Eóin Baisde ní ag ithe aráin ná ag ol fíona; agus a deirthísi, Atá deamhan ann.

34. Tháinic Mac an duine ag ithe agus ag ól; agus a deirthí, Feuch an duine cráosach, fioníobhaighe cara na bpuibliocán agus na bpeachthach!

35. Achd atá an eagna ar na sáoradh ó na cloinn féin uile.

36. Agus do íarr duine áirighe do na phairisíneachaibh air, bíadh ithe na fhochair. Agus ar ndul a sdeach go tigh an phairisínigh dhó, do shuidh sé sios chum bídh.

37. Agus, féuch, an tráth fúair bean don chatbraigh, do bhí na peachthach, a fhios go raibh sé na shuidhe ag bíadh a dtígh an phairisinigh, tug si bocsa ola lé,

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 7