Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 7:13-24 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Agus ar na faicsin don Tighearna, do ghabh trúaighe mhór dhi é, agus a dubhairt sé ría, Na guil.

14. Agus táinic sé agus do bhean sé ris an gcomhraidh: (agus do sheasadar an luchd do bhí agá iomchar) agus a dubhairt sé; A ógánaigh, a deirim riot, éirigh.

15. Agus déirigh an duine marbh na shuidhe, agus do thionnsgain sé labhairt. Agus tug sé dhá mháthair féin é.

16. Agus do ghabh eagla íad uile: agus tugadar glóir do Dhía, ag rádh, Déirghe fáidh mór an ar measg; agus, Dféuch Día ar a phobal féin.

17. Agus do chúaidh an túarasgbháil so amach air féadh thíre Iúdaighe uile, agus air feadh gach éintíre timcheall.

18. Agus dinnseadar a dheisciobail na neithe so uile Déoin.

19. Agus are ngairm Deóin deisi áirighe dá dheisciobluibh chuige do chuir sé dionsuighe Iósa íad, ag rádh, An tusa an té do bhí chum teachda? nó an bhfuilmid ag feathamh ré neach eile?

20. Agus an tan thangadar na firsi shuigesean, a dubhradar, Do chuir Eóin Baisde sinne chugad, ag rádh, An tusa an té do bhí chum teachda? nó an bhfuilmid ag feathamh ré neach eile?

21. Agus ar an uár sin fein do chlánuigh seisean mórán dáoine ó easláintibh agus ó phláighibh, agus ó dhroch spioraduibh; agus thug sé á radharc do mhórán dall.

22. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Ar nimtheachd díbh, innisidh Deóin na neithe do chonncabhair agus do chúalabhair; go bhfaicid na daill, go siubhlaíd na bacuidh, go nglantar na lobhair, go gchimid na bodhair, go néirghid na mairbh, go bhfuil an soisgéul dá sheanmóir do na bochdaibh.

23. Agus as beannaighthe an té, nach bhfuighe oilbhéim ionnumsa.

24. Agus an tráth do imthigheadar teachdairighe Eóin, do thionnsgoin seison a rádh ris an bpobal a dtimcheall Eóin, Créud é an ní agá ndeachabhair dhá fhéuchain amach ar an bhfásach? An giolcach ar na bhogadh ag an ngaoith?

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 7