Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 7:1-7 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus an tráth do chríochnuigh sé a bhríathra uile a néisdeachd an phobail, do chúaidh sé a sdeach go Capernáum.

2. Agus do bhí óglach caiptin áirighe, go bréoite, a riochd bháis, air a raibh cion mór aige.

3. Agus an tan do chúaluidh sé tuarasgbháil Iósa, do chuir sé sinnsir na Níuduighe chuge, ag íarruidh air teachd agus a shearbhfhoghantuidhe shlánughadh

4. Agus an tan thangadar so chum Iósa, díarradar air go díthcheallach, ag rádh, Gur bhfíu é so do thabhuirt dó:

5. Oír atá grádh áige dar gcineadhne, agus do thóg sé sionagóg dhúinne.

6. Agus do chuaidh Iósa léo. Agus an tan do bhí sé a ngar don tigh, do chuir an caiptín a cháirde chuige, ag rádh ris, A Thighearna, Ná cuir búaidhreadh ort féin: óir ní fíu misi go rachfá a sdeach fá chléith mo thighe:

7. Ar a nadhbharsin níor mheas mé gur bhfíu mé féin dul ad ionnsuighe: achd abhuir a bhfocal, agus bíaidh móglach slán.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 7