Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 6:36-49 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

36. Ar a nadhbharsin bíthísi trócaireach, mar atá bhur Nathuir trocuireach.

37. Agus ná beiridh breath, agus ní bhéurthar breath oruibh: ná damnuighe, agus ní daiméontar sibh: maithidh, agus maithfithear dháoibh:

38. Tabhruidh úaibh, agus do bhéurthar dháoibh; agus do bhéuruid dáoine an bhur nnched, moisúr maith, dingthe, craithte agus ag dul thairis. Oír as lesi an miosúr an a dtoimhéosdáoi, toimhéosdar mar an gcéudna dháoibh.

39. Agus do labhuir se cosamhlachd ríu, An bhféudann an dall dhall eile dothreorigheadh? an ne neach duitdfid aráon sa díg?

40. Ní bhfuil an deisciobal ós cionn a mhaighisdir: achd gidh bé neach bhus diongmhála, bíaidh sé mar a mhaighisdir.

41. Agus créud fa a bhfaiceann tú an broth beag a súil do dhearbhráthar, agus nach dtugair dod aire an tsail atá ad shúil féin?

42. Nó cionnus as éidir leachd a rádh réd dhearbhrathair, A dhearbhrathair, léig dhamh an broth atá ad shúil do bháin aisde, agus nách bhfaiceann tú an tsail atá ad shuil féin? A fhir an dhúarchrábhuidh, ar tus teílg amach an tsail as do shuil féin, agus an sin bhus léir dhuit, an broth atá a súil de dhearbhráthar do bhúain aisde.

43. Oír ni maith an crann iomchras drochthoradh; agus ní holc an crann iomchras toradh maith.

44. Oír is ó a thoradh aitheantar gach uile chrann. Oír ní chruinnighid dáoine fígidhe do dheilgneach, na cáora fineamhna do dhriseach.

45. Do bheir an duine maith ní maith as cisde maith a chroidhe féin; agus do bheir an droch dhuine droch ní as droch chisde a chróidhe fein: oír is as iomarcuidh an chróidhe, labhrus an béal.

46. Achd créud fá ngoirthísi, A Thighearna, a Thighearna dhíomsa, agus nach déuntáoi na neithe a deirim?

47. Gach uile neach thig chugamsa, agus éisdeas rém bhríaththruibh, agus do ní dhá reir, foillséochuidh mé dháoibhsi cía ré ar cosmhuil é:

48. As cosmhuil é ré neach do thóg a thigh, agus do thochail, agus do chúaidh go domhuin a dtalumh, agus do chuir a shocrughadh ar charruig: agus mar tháinig an tuile, do bhúail an sruth go fíochmhar fán dtigh úd, achd níor bhéidir leis a chorrughadh: óir do bhí sé socrughthe ar charruig.

49. Achd gidh bé chluin, agus nach deun, as cosmhuil é ré neach do thóg a thigh air thalamh gan socrughadh; air ar bhúail an tuile go fíochmhar, agus do thuit sé do láthair; agus ba mór tuitim an tighe sin.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 6