Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 6:33-39 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

33. Agus má níthí maith don mhuinntir do ní maith dhíbh, créud é an buidheachus bhías oruibh? óir do níd na peachtuidh féin an gcéadna.

34. Agus dá dtugtháoi áirleagadh dona dáoinibh ó a sáoltí a fhagháil a rís, créud é an buidheachus bhias oruibh? óir do bheirid na peachthaidh áirleagadh do na peachthachaibh, do chum go bhfuighdís a leitheid a rís.

35. Ar a nadhbharsin grádhuighidh bhur námhuid, agus déunuidh maith, agus tabhruidh áirleaghadh úaibh, gan súil ré héinní arís; agus budh mór bhur lúaideachd, agus beithí bhur gcloinn ag an té as Airde: óir bí seisean cinealta les na dáoinibh dombuídheacha agus saithe.

36. Ar a nadhbharsin bíthísi trócaireach, mar atá bhur Nathuir trocuireach.

37. Agus ná beiridh breath, agus ní bhéurthar breath oruibh: ná damnuighe, agus ní daiméontar sibh: maithidh, agus maithfithear dháoibh:

38. Tabhruidh úaibh, agus do bhéurthar dháoibh; agus do bhéuruid dáoine an bhur nnched, moisúr maith, dingthe, craithte agus ag dul thairis. Oír as lesi an miosúr an a dtoimhéosdáoi, toimhéosdar mar an gcéudna dháoibh.

39. Agus do labhuir se cosamhlachd ríu, An bhféudann an dall dhall eile dothreorigheadh? an ne neach duitdfid aráon sa díg?

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 6