Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 6:3-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, An né nár leughabhuirsi an ní so, do rinne Dáibhi, an tan do bhí ocrus air féin, agus ar an mhuinntir do bhí na fharradh;

4. Cionnus do chúaidh sé a sdeach go tigh Dé, agus do ghlac sé arán na fiaghnuisi agus a dúaigh sé é, agus tug sé fós don mhuinntir do bhí na fhochair é: noch nár choir ithe achd do na sagurtuibh amháin?

5. Agus a dubhairt seisean ríu, As Tighearna don tsábboid féin Mac an duine.

6. Agus tárla fós a sábbóid eile, go ndeachuidh seisean a sdeach don tsinagóg agus gur theaguisg sé: agus do bhí óglach ann sin agá raibh a lámh dheas ar na seargadh.

7. Agus do bhí coimhéud ag na sgríobuidhibh agus ag na Pharisineachuibh airsean, dá fhéuchuin an ndéanadh sé leigheas ann sa tsábbóid; do chum go bhfuighidís adhbar gearáin air.

8. Achd daithin seisean a smúaintighthe, agus a dubhairt sé ris an duine agá raibh an lámh sheargthuigh, Eirigh, agus seas a lar cháich. Agus do éirigh seision agus do sheas sé.

9. Ann sin a dubhairt Iósa ríusan, Fíafróchaidh misi dhíbhsi ní áirighe An cóir maith do dheanamh, nó olc dhéanamh sá tsábbóid? anum do shábháil, nó do sgrios?

10. Agus an tan do fhéuch sé orrtha uile na thimcheall, a dubhairt sé ris a nóglach, Sín amach do lámh. Agus do rinne seisean mar sin: agus do haiseagadh a lámh slán mar an lámh eile.

11. Agus do líonadh íadsan do chuthach; agus do lúaidheadar ré a chéile créd do dheunaidis ré Híosa.

12. Agus tárla ann sna láethibh sin, go ndeachuidh seisean amach ar shlíabh do dhéunamh úrnaighe, agus do chaith sé an oidhche ag guidhe Dé.

13. Agus ar néirghe don lá, do ghoir sé a dhesiciobail chuige: agus do thogh sé dhá fhéar dhéug asda, dár ghoir se absdail;

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 6