Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 5:9-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

9. Óir do ghabh eagla é féin, agus a raibh na fhochair uile, ar son na gabhála éisg do ghabhadar:

10. Agus mar an gcéadna Séumas, agus Eóin, clan Shebedei, do bhí na gcompánachuibh ag Simon. Agus a dubhairt Iósa ré Símon, Na bíodh eagla ort; as so a mach bíaidh tú iasgaire ar dháoinibh.

11. Agus an tan tugadarsan a ienga chum tire, ar bhfagbháil an uile neither dhóibh, do leanadar eisean.

12. Agus tárla, an tan do bhí sé a ccathruigh áirighe, fénch óglach lán do lubhra: agus ar bhfaicsin Iósa dhó do leig sé é féin síos ar aghaidh, agus do ghuidh sé é, a rádh, A Thighearna, más toil leachd é, is éidir leachd misi do ghlanadh

13. Agus ar sineadh a láimhe, do bhean sé ris, ag radh, As toil: bí glan. Agus dfag an lubhra é ar an mball.

14. Agus do aithin sé dhe gan a innisin do dhuine ar bith: achd imthigh, taisbéin thú féin don tsagart, agus íodhbair ar son do ghlanta, mar do aithin Máoisi, mar fhíaghnaisi dhóibh.

15. Achd is móide do leathnuighe a thúarasghbháil sin: agus do chruinnigh slúagh mór déisdeachd ris, agus dfagháil fóiríghne a dteinneas úadh.

16. Achd do chúaidh seisean fá leith ar an bhfasach, agus do rinne sé urnuighe.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 5