Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 5:30-39 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

30. Agus do rinne cuid díobh do bhi na sgríobuidhibh agus na Bhphairisíneachuibh monabhar a naghaidh a dheisciobalsan, ag rádh, Creud fá niththísi agus fá nibhthí a bhfochair na bpuibliocán agus na bpeacthach?

31. Agus ag freagra a dubhairt Iósa ríu, Ní bhfuil ríachdanus leágha ar na dáoinibh slána; achd ar na dáoinibh tinne.

32. Ní tháinic misi do ghairm na bhfiréunach, achd na bpeacthach chum aithrighe.

33. Achd a dubhradarsan ris, Créud fá dtroisgid deisciobail Eóin go minic, agus créd fá ndéunuid síad urrnaighe, agus mar an gcéudna deisciobail na Bhphairisíneach; achd ithid agus ibhid do dheisciobailsi?

34. Agus a dubhairt seision ríu, An bhféadtáoisi a thabhairt air chloinn tséomra an fhir núa phósda trosgadh do dhéunamh, an feadh bhías sé féin na bhfochair?

35. Achd tiocfaid na láethe an tan bhéurthar an fear núa phósda úatha, ann sna láethibh sin do dhéunuid síad trosgadh.

36. Agus a dubhairt sé fós tré chosamhlachd ríu; Ní chuireann neach ar bith preabán éuduigh núa air sheanchulaidh, nó, brisidh an téudach núa é, agus ní thig an preabán núaéuduigh leis a tseinéudach?

37. Agus ní chuireann duine ar bith fíon núa a seanbhuidéuluibh; nó brisfidh an fíon núa na buidéil, agus dóirtfidhear an fíon agus rachuid na buidéil a múgba.

38. Achd fíon núa is cóir do chur a mbuidéuluibh núadha; agus béid síad aráon slán.

39. Agus ní bhfuil duine ar bith ibheas seinfhíon lér ab áill fíon núa ar ball: óir a deir sé, Is é seinfhíon is folláine.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 5