Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 5:28-35 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

28. Agus ar bhfágbháil gach éin neithe dhósan, déirigh sé, agus do lean sé eisean.

29. Agus do rinne Lébhi féusda mór dhó an a thigh féin: agus do bhí cuideachda mhór phuibliocán agus dáoine eile do shuidh na bhfochair.

30. Agus do rinne cuid díobh do bhi na sgríobuidhibh agus na Bhphairisíneachuibh monabhar a naghaidh a dheisciobalsan, ag rádh, Creud fá niththísi agus fá nibhthí a bhfochair na bpuibliocán agus na bpeacthach?

31. Agus ag freagra a dubhairt Iósa ríu, Ní bhfuil ríachdanus leágha ar na dáoinibh slána; achd ar na dáoinibh tinne.

32. Ní tháinic misi do ghairm na bhfiréunach, achd na bpeacthach chum aithrighe.

33. Achd a dubhradarsan ris, Créud fá dtroisgid deisciobail Eóin go minic, agus créd fá ndéunuid síad urrnaighe, agus mar an gcéudna deisciobail na Bhphairisíneach; achd ithid agus ibhid do dheisciobailsi?

34. Agus a dubhairt seision ríu, An bhféadtáoisi a thabhairt air chloinn tséomra an fhir núa phósda trosgadh do dhéunamh, an feadh bhías sé féin na bhfochair?

35. Achd tiocfaid na láethe an tan bhéurthar an fear núa phósda úatha, ann sna láethibh sin do dhéunuid síad trosgadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 5