Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 5:18-27 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

18. Agus, féuch, do íomchradar dáoine a leabuidh oglach do bhí a bpairilis: agus do íarradar a thabhairt a sdeach, agus a chur na fhíadhnuisisean.

19. Agus an tráth nach bhfuaradar cáoi ar a thabhairt a sdeach tré mhéud ná cuideachda, do chúadar súas ar a tigh, agus do léigeadar é féin, agus a leabuidh sios tríd an slinnteach ar lár, a bhfíaghnuisi Iósa.

20. Agus ar bhfaicsin a gcreidimh dhósan, a dubhairt sé ris, A dhuine, a táid do pheacuidh ar na maithleamh dhuit.

21. Agus thionnsgnadar na sgríobuidhe agus na Phairisinigh diosbóireachd do dhéanamh, ag rádh, Créd é an fearsa labhras blaisphéimighe? Cía fheúdus peacuigh do mhaitheamh, achd Día ná áonar?

22. Achd ar naithne a smúaintighe Díosa, do fhreagair sé, agus a dubhairt sé ríu; Créd é an ní so smuaintighthísi an bhur gcroidhthibh?

23. Cia is usa, a rádh, A táid do pheacuidh ar na maitheamh dhuit; ná a rádh, Eirigh agus siobhail?

24. Achd do chum go mbeith a fhíios agaibh go bhfuil cumhachda ag Mac an duine, peacuidh do mhaitheamh ar an dtalamh, (a dubhairt sé ré fear na pairilisi,) A deirimsi riot, Eirigh, tóg do leabuidh, agus imthigh dod thigh.

25. Agus ar néirghe dhósan ar an mball an a bhfiadhnuisi, do thóg an leabuidh an raibh sé na luighe, agus do chuaidh sé dhá thigh fein, ag moládh Dé.

26. Agus do ghabh úathbhás cách uile, agus do mholadar Día, agus do líonadh deagla íad, ag rádh, Do choncamair neithe doichreidte a niugh.

27. Agus tar éisi so do chúaidh Iósa a mach, agus do chonnairc sé puibliocán, dár bháinm Lébhi, na shuidhe ag bord an chusduim: agus a dubharit séris, Lean misi.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 5