Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 5:17-23 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

17. Agus tárla go raibh sé lá áirighe, ag teagasg, agus go rabhadar na Phairisínigh agus doctúirí an dlighe na suidhe a láthair, noch tháinic as gach uile bhaile don Ghalilé, agus do thir Iúdaighe, agus ó Jerusaléim: agus do bhí cumhachda an Tighearna chum a slánuighthe.

18. Agus, féuch, do íomchradar dáoine a leabuidh oglach do bhí a bpairilis: agus do íarradar a thabhairt a sdeach, agus a chur na fhíadhnuisisean.

19. Agus an tráth nach bhfuaradar cáoi ar a thabhairt a sdeach tré mhéud ná cuideachda, do chúadar súas ar a tigh, agus do léigeadar é féin, agus a leabuidh sios tríd an slinnteach ar lár, a bhfíaghnuisi Iósa.

20. Agus ar bhfaicsin a gcreidimh dhósan, a dubhairt sé ris, A dhuine, a táid do pheacuidh ar na maithleamh dhuit.

21. Agus thionnsgnadar na sgríobuidhe agus na Phairisinigh diosbóireachd do dhéanamh, ag rádh, Créd é an fearsa labhras blaisphéimighe? Cía fheúdus peacuigh do mhaitheamh, achd Día ná áonar?

22. Achd ar naithne a smúaintighe Díosa, do fhreagair sé, agus a dubhairt sé ríu; Créd é an ní so smuaintighthísi an bhur gcroidhthibh?

23. Cia is usa, a rádh, A táid do pheacuidh ar na maitheamh dhuit; ná a rádh, Eirigh agus siobhail?

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 5