Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 5:1-6 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus tárla, an tau do ling an pobal air déisfeach ré bréithir Dé, gur sheas seision láimh ré loch Ghenesaret,

2. Agus do chonnairc sé dhá luing do bhí ar an loch achd do imthigheadar na híasgaireadha asda, agus do bhíadar ag nighe a líontadh.

3. Agus ar ndul dósan a loing dhíobh, do budh lé Símón, do íarr sé air dul beagán ón tír. Agus ar suidhe dhó do theagaisg sé an pobal as an luing.

4. Agus mar do sguir sé do labhairt, a dubhairt sé ré Símón, Déunuigh romhaibh ar an ndubhaigéun, agus leigidh sios bhir líontagh chum gabhála.

5. Agus ar bhfreagra do Shímon a dubhairt sé ris, A Mhaighisdir, do thuirrsigheamar sinn féin feadh na hoidhche uile, agus níor ghabhamair éin ní: achd cheana ar do bhreithir se cuirfe mé síos an líon.

6. Agus an tan do rinneadar so, do íadhadar ar iomarchuigh éisg: ionnus gur briseadh a líon.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 5