Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 4:7-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. Ar a nadhbharsin má adhrán tusa dhamhsa, budh leachd íad uile.

8. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ris, Imthigh úaim, a Shátain: óir a tá sgríobhtha, Do dhéana tú do Thighearna Día féin dadhradh, agus is dó na áonar do dhénna tú seirbhís.

9. Agus do thréoruigh sé é go Híarusalím agus do shuighidh sé é ar bheinn an teampoill, agus a dubhairt sé ris, Mas tú Mac Dé teilg thú féin síos as so:

10. O'ir a tá sgriobhtha, Do bhéura sé áithne dhá áinglibh ad thimcheall, thusa do choimhéud:

11. Agus toigéubhuid eidir a lámhuibh thú, deagla go mbuailfea do chos fá chloich úair ar bith.

12. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ris, A dubhradh, Ni chuirfe tú cathughadh ar an Dtighearna do Dhía féin.

13. Agus ar ccur críche ar a chathuighthibh uile don díabhal, dtág sé eisean ar feadh tamuill.

14. Agus dó chas Iósa maille ré cumhachdaibh na Spíoruide don Ghalilé: agus do chúaidh a chlú ar feadh na tire na thimcheall.

15. Agus do theaguisg sé ann a síonagógaibh súd, ag fagháil glóire ó gach uile dhuine.

16. Agus táinic sé go Násaret, mar ar hoilleagh é: agus, do chúaidh sé a steach mar budh gnath leis, lá na sábboide don tsinagóig, agus do éirigh sé na sheasamh do leughthóireachd.

17. Agus tugadh leabhar Esáias fáidh dhó, agus an tan do osgail sé an leabhar, fuair se an tionad an a raibh sgríobhtha,

18. Ta Spíorad an Tíghearna oramsa, tré gur ong sé mé do chuir sé úadh mé do sheanmóir an tsoisgél do na bochdoibh, do shlánughadh na ndáoine agá bhfuilid croidhthe brúidhte, do sheanmóir fúasgalta do na braighdibh agus do da dalluibh aisioc a radhairc, agus do tabhairt sáoirsi don mhuinntir a tá ar na gcombrúghagh,

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 4