Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 4:34-41 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

34. Ag rádh, Uch; créud í an bhúain atá aguinne riot, a Iósa Nasardha? an dár sgrisne tháinic tú? a tá a fhios agumsa cia thú, Neach Náomhtha Dé.

35. Agus do imdhearg Iósa é, ag rádh, Bí ad thochd, agus tárr a mach as. Agus do imthigh an deamhan as, ar na thrasgairt go lár, gan díoghbháil ar bith do dhéanamh dhó.

36. Agus do ghabh crith cách uile, agus do labhradar ré chéile, ag rádh, Créud é an níse! go náithingheann sé do na spiorádaibh go neamhghlana lé cumhachdaibh agus lé neart, agus go dtigid siad a mach.

37. Agus do chúaidh a thúarasghbháil an gach uile ionard don tirsin tancheall.

38. Agus an tan do éirigh Iósa as an tsínagóig, do chúaidh sé a steach go tigh Shímóin. Agus do bhí fiabhrus romhór ar mháthair mhná Shimóin; agus do chuireadar impidhe airsean air a son.

39. Agus ar seasamh dhosan ós a cionn, do imdhearg sé an fiabhrus; agus dfag an fíabhrus í: agus ar néirghe dhisi do lathair do rinne sí friotholamh dhóibh.

40. Agus ar ndul don ghrein faoi, gach áon ága rabhadar dáoine eagcrúaidh ó thinneasaibh éugsamhla tugadar chuigesean íad; agus ar gcur a láimh dhósan ar gach áon díobh, do shlánuigh sé íad.

41. Agus fós do imthighid ís na deamhain as mórán, ag éighmhe, agus ag rádh, Is tusa Críod Mac Dé. Achd dá nimdheargadh dhósan ní léigheadh sé dhóibh a rádh: go raibh a fhios aca gur bhé féin Críosd.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 4