Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 4:23-40 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

23. Agus a dubhairt sé ríu, Déara sibh rium gan ambarus an seanfhocalsa, A líagh, leighis thú féin: leitheid na neitheadh do chúalamar do rinne tú a Gcapernáum, déana mar an gcéudna ann so ad dhúithche féin íad

24. Agus a dubhairt seision, A deirim ribh go deimhin, Nách bhfuil cion ar fháidh ann a thír féin.

25. Achd go fírinneach deirimsi ribh, Go rabhadar morán baintreachach a láethibh Elias a Nísraél, an tráth do bhí an fhiormámeint druite trí blíadhna agus sé mhí, ionnas go raibh gorta mhór ar feadh na talmhan uile;

26. Achd níor cuireadh Blías dionnsoighe áon aca, achd go Sarepta na Sidonia, chuan mná do bhí na baintreabhaigh.

27. Agus do bhádar morán lobhar a Níseaél ré linn Eliséus an faidh; agus níor glanagh éin neach aca, achd Náaman an Sirianach.

28. Agus do líonadh a raibh ann sa tsíonagóig dfeirg, an tan do chúaladar na neithesi,

29. Agus ar néirghe na seasamh dhóibh, do theilgeadar as an gcathruigh a mach é, agus rugadar léo é ar mhaluidh an tsléibhe ar a raibh a gcathaire ar na togbháil, do chum go dteilgfidis síos a ndiaigh a chine é.

30. Achd ar ngabháil dosan tré na lár, do imthigh sé,

31. Agus do chúaigh sé síos go Capernáum, cathair don Ghalilé, agus do bhiodh sé dhá dteangasg ann sna sabboidibh.

32. Agus do bhí úathbhás acasan an a theagasg: óir do bhí a comhrádh maille ré hughdarrás.

33. Agus do bhí neach ann sa tsionagóig, ann a raibh spiorad deamhuaighe neamhghlan, agus do éigh sé do ghúth mhór,

34. Ag rádh, Uch; créud í an bhúain atá aguinne riot, a Iósa Nasardha? an dár sgrisne tháinic tú? a tá a fhios agumsa cia thú, Neach Náomhtha Dé.

35. Agus do imdhearg Iósa é, ag rádh, Bí ad thochd, agus tárr a mach as. Agus do imthigh an deamhan as, ar na thrasgairt go lár, gan díoghbháil ar bith do dhéanamh dhó.

36. Agus do ghabh crith cách uile, agus do labhradar ré chéile, ag rádh, Créud é an níse! go náithingheann sé do na spiorádaibh go neamhghlana lé cumhachdaibh agus lé neart, agus go dtigid siad a mach.

37. Agus do chúaidh a thúarasghbháil an gach uile ionard don tirsin tancheall.

38. Agus an tan do éirigh Iósa as an tsínagóig, do chúaidh sé a steach go tigh Shímóin. Agus do bhí fiabhrus romhór ar mháthair mhná Shimóin; agus do chuireadar impidhe airsean air a son.

39. Agus ar seasamh dhosan ós a cionn, do imdhearg sé an fiabhrus; agus dfag an fíabhrus í: agus ar néirghe dhisi do lathair do rinne sí friotholamh dhóibh.

40. Agus ar ndul don ghrein faoi, gach áon ága rabhadar dáoine eagcrúaidh ó thinneasaibh éugsamhla tugadar chuigesean íad; agus ar gcur a láimh dhósan ar gach áon díobh, do shlánuigh sé íad.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 4