19. Do sheanm; óir bhadhna fhorbháiltigh an Tighearna.
20. Agus ar ndúnagh an leabhair dhó, agus ar na tabhairt arís don ghiolla, do shuidh sé. Agus do bháda suile a raibh ann sa tsínagoig uile ag féachain air go géur.
21. Agus do thionnsgain sé a rádh ríu, niugh a tá an sgiobtúirso ar na choimhlíonadh an bhur gclúasuibhsi.
22. Agus do rinneadar uile fiadhnuisi leis, agus do bhí iongantus aca ann sna combráitibh grásamhla do thigeadh as a bhéul. Agus a deirdís, An né nach é so mac Ióseph?
23. Agus a dubhairt sé ríu, Déara sibh rium gan ambarus an seanfhocalsa, A líagh, leighis thú féin: leitheid na neitheadh do chúalamar do rinne tú a Gcapernáum, déana mar an gcéudna ann so ad dhúithche féin íad
24. Agus a dubhairt seision, A deirim ribh go deimhin, Nách bhfuil cion ar fháidh ann a thír féin.
25. Achd go fírinneach deirimsi ribh, Go rabhadar morán baintreachach a láethibh Elias a Nísraél, an tráth do bhí an fhiormámeint druite trí blíadhna agus sé mhí, ionnas go raibh gorta mhór ar feadh na talmhan uile;
26. Achd níor cuireadh Blías dionnsoighe áon aca, achd go Sarepta na Sidonia, chuan mná do bhí na baintreabhaigh.
27. Agus do bhádar morán lobhar a Níseaél ré linn Eliséus an faidh; agus níor glanagh éin neach aca, achd Náaman an Sirianach.
28. Agus do líonadh a raibh ann sa tsíonagóig dfeirg, an tan do chúaladar na neithesi,
29. Agus ar néirghe na seasamh dhóibh, do theilgeadar as an gcathruigh a mach é, agus rugadar léo é ar mhaluidh an tsléibhe ar a raibh a gcathaire ar na togbháil, do chum go dteilgfidis síos a ndiaigh a chine é.