Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 4:1-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus ar mbeith Diosa lán don Spiorad Náomh, do fhill sé tar a ais ó Iórdan, agus do tréornigheadh leis an Spioruid ar an bhfásach é,

2. Feadh dhá fhichead lá an díabhal ag cur chathuighthi air. Agus níor ith sé uí ar bith ann sna laéthibh sin: achd ar na gcríochnnghadh, ann sin do ghabh ocras é.

3. Agus a dubhairt an Díabhal ris, Más tú Mac Dé, abair ris an gcloichsi bheith na harán.

4. Agus do fhreagair Iósa é, ag rádh, A tá sgríobhtba, Nach lé harán a mháin mhairfios an duine, achd lé gach uile bhréithir Dé.

5. Agus an tan do thréoruigh an díabhal é, ar shlíabh árd, do thaisbén sé ríoghachda na talmbum uile dhó moimeint daimsir.

6. Agus a dubhairt an diabhal ris, Do bhéara misi na cumhachda so uile dhuit, agus a nglóir: óir do tugadh dhamshsa í; agus do bheirim í don tí as toil leam.

7. Ar a nadhbharsin má adhrán tusa dhamhsa, budh leachd íad uile.

8. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ris, Imthigh úaim, a Shátain: óir a tá sgríobhtha, Do dhéana tú do Thighearna Día féin dadhradh, agus is dó na áonar do dhénna tú seirbhís.

9. Agus do thréoruigh sé é go Híarusalím agus do shuighidh sé é ar bheinn an teampoill, agus a dubhairt sé ris, Mas tú Mac Dé teilg thú féin síos as so:

10. O'ir a tá sgriobhtha, Do bhéura sé áithne dhá áinglibh ad thimcheall, thusa do choimhéud:

11. Agus toigéubhuid eidir a lámhuibh thú, deagla go mbuailfea do chos fá chloich úair ar bith.

12. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ris, A dubhradh, Ni chuirfe tú cathughadh ar an Dtighearna do Dhía féin.

13. Agus ar ccur críche ar a chathuighthibh uile don díabhal, dtág sé eisean ar feadh tamuill.

14. Agus dó chas Iósa maille ré cumhachdaibh na Spíoruide don Ghalilé: agus do chúaidh a chlú ar feadh na tire na thimcheall.

15. Agus do theaguisg sé ann a síonagógaibh súd, ag fagháil glóire ó gach uile dhuine.

16. Agus táinic sé go Násaret, mar ar hoilleagh é: agus, do chúaidh sé a steach mar budh gnath leis, lá na sábboide don tsinagóig, agus do éirigh sé na sheasamh do leughthóireachd.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 4