Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 23:7-23 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. Agus an tan daithin sé gur ab fá thumhachduibh Iornáth do bhí sé, do chuir sé ar ais é chum Iorúaidh, do bhí Níarusalém ann sna láethibh sin.

8. Agus ar bhfaicsin Iósa Díoruáidh, do ghabh lúathgháire mhór é: óir do bhí fonn air ré fada eision dfaicsin, do bhrigh go gcúaluidh sé mórán air; agus do bhí dóchas aige go bhfaicfeadh sé comhtharra éigin ar na dhéanamh leis.

9. Agus dfíafruidh sé mórán do cheasdannuibh dhe; achd ní thug seision freagra ar bith air.

10. Agus do sheasadar na hárdsagairt agus na sgrióbuidhe ag déanamh casáoide air go dithchiollach.

11. Achd tug Ioruáidh maille ré na luchd coguidh tarcuisne air, agus do rinneadar fonómhad fáoi chúireadar chum Píoláid a rís é.

12. Agus an lásin féin, do rinneadh Ioruaith agus Píoláid na gcáirdibh dhá cheile: óir do bhádar na naimhdibh agá chéile roimhe sin.

13. Agus ar ngairm na nárdsagart agus núachdarán, agus an phobuil do Phioláid,

14. A dubhairt sé riu, Tugabhair chugamsa an duinesi, mar neach iompóidheas an pobal: agus, féuch, ar gceasdughadh ris damsha ann bhar bhfiadhnuisi féin, ní fhúair me coir ar bith ar an duine do na neithibh agá ndéantáoisi casáoid air:

15. Agus fós, ní fhúair, Ioruáidh: óir do chuir mé chuige sibh; agus, féuch, ní dhearnuidh níar bith leis do thuillfeadh bás.

16. Ar a nadhbharsin ar na smachdughadh, léighfidh mé uáim é.

17. Oír dob éigean dí neach éigin do léigean amach dhóibh ann sa bhféasda.

18. Achd do éigh an choimthionol uile, ag rádh, Beir uáinn an fearsa, agus sgáoil dúinne Barabbas:

19. Do bhí ar na chur a bpriosún tré cheannairc áirighe, agus trí mharbhadh, do rinneadh ann sa chathraigh.

20. Ar a nadhbharsin, do labhair Píoláid rín a rís, ar mbeith fonnmhar dhó ar Iósa léigean úadh.

21. Achd do éimhgheadarsan, ag rádh, Croch é, croch é.

22. Agus a dubhairt sé rín an treas uáir, Achd, créud é an tolc do rinne sé? ní fhuair mísi cúis bhais ar bith air: ar a nadhbharsin ar na smachdughadh, leigfidh mé amach é.

23. Achd do sheasadarsan go cruáidh ná aghuidh lé gothannuibh móra, ag íarruidh eisiondo chrochadh. Agus do bhuaidheadar a ngóthasan agus gótha úachdarán na sagart.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 23