51. Nach a áontaigh dhá gcomhairle ná dá ngníomh súd; ó Arimatéa cathair do thír Iúduighe: agá raibh suil fós ré rioghachd Dé.
52. Ar ndul dó so chum Pioláid, díarr sé corp Iósa.
53. Agus ar na bhúain a núas dó, do chuir sé linéadach na thimcheall, agus do chuir sé a dtúama do bhí ar na thochailt a gcarraic é, ann nach ar cuireadh áonduine roimhesion a ríamh.
54. Agus do bé sin lá a nullmhuighthe, agus do bhí an tsabbóid ag druid ríu.
55. Agus fós na mná, do lean é, agus tháinic leis ón Ghalilé, do chunncadar an túama, agus cionnas do bhí a chórpsan ar na chur.
56. Agus ar bhfilleadh dhóibh dullmhuigheadar spíosruidhe deaghbhaluidh agus uinnímentighe; agus do chomhuuidheadar lá na sábhoide do réir na háithne.