Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 23:46-55 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

46. Agus ar néigheamh Díosa do ghúth mhór, a dubhairt sé, A Athair, táobham mo spiorad ann do lamhaibhsi: agus an tan a dubharit sé na neithesi, do chúaidh a spiorad ás.

47. Agus an tráth do chunnaire an caiptíu an ni do rinneadh, tug sé glóir do Dhía, ag rádh, Go firinneach budh firéan an duinesi.

48. Agus an pobal uile tháinic a náoinfheachd dá fhéachainsion, a núair do chunncadar na neithe do rinneadh ann, ag búaladh a nochda, do fhilleadar air a nais.

49. Agus do sheasadar a dháoine aitheanta, a bhfád úadh, agus na mná do lean é ón Ghalilé, ag féachain ar na neithibhsi.

50. Agus, féuch, tháinic fear dar bhainm Ióseph; do bhí na chomhairleach, na dhuine mhaith, agus na fhírean:

51. Nach a áontaigh dhá gcomhairle ná dá ngníomh súd; ó Arimatéa cathair do thír Iúduighe: agá raibh suil fós ré rioghachd Dé.

52. Ar ndul dó so chum Pioláid, díarr sé corp Iósa.

53. Agus ar na bhúain a núas dó, do chuir sé linéadach na thimcheall, agus do chuir sé a dtúama do bhí ar na thochailt a gcarraic é, ann nach ar cuireadh áonduine roimhesion a ríamh.

54. Agus do bé sin lá a nullmhuighthe, agus do bhí an tsabbóid ag druid ríu.

55. Agus fós na mná, do lean é, agus tháinic leis ón Ghalilé, do chunncadar an túama, agus cionnas do bhí a chórpsan ar na chur.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 23