Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 23:36-51 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

36. Agus fós do rinneadar na saighdiuirigh fonómhad fáoi, ag drud ris, agus ag tairgsin bhinéigre dhó,

37. Agus ag rádh, Mas tusa rí na Níuduigheadh, fóir ort féin.

38. Agus fós do bhí sgríbhneóireachd sgríobhtha ós a chionn do litreachabh Gréigis, agus Laidní, agus Eabhrias, A SE SO RI NA NIUDUIGHEADH.

39. Achd do bhí áon do na meirleachaibh do crochadh dá mhaslughadh, ag rádh, Mas tú Críosd, fóir ort féin agus oruinne.

40. Agus ar bhfreagra don fhear eile, do spreag sé é, ag rádh, A né nach bhfuil eagla Dé ort, agus tú fa áondhamnadh ris?

41. Achd sinne go deimhin go ceart; (óir fúaramar na neithe do thuilleadar ar ngníomhartha): achd ní dhearna an tési olc ar bith.

42. Agus a dubhairt sé ré Híosa, A Thighearna, cuimhnigh oransa an tan thiochas tú ad rioghachd féin.

43. Agus a dubhairt Iósa ris, A deirim riot go firinneach, Go mbia tú am fhochair a niu a bpárrthas.

44. Agus do bhí sé a dtimcheall an seiseadh húair, agus do rinneadh dorchadas ar an dtalamh uile gus a náomheadh húair.

45. Agus do dhorchuigheadh an ghrían agus do briseadh brat roinnte an teampuill ann a lár.

46. Agus ar néigheamh Díosa do ghúth mhór, a dubhairt sé, A Athair, táobham mo spiorad ann do lamhaibhsi: agus an tan a dubharit sé na neithesi, do chúaidh a spiorad ás.

47. Agus an tráth do chunnaire an caiptíu an ni do rinneadh, tug sé glóir do Dhía, ag rádh, Go firinneach budh firéan an duinesi.

48. Agus an pobal uile tháinic a náoinfheachd dá fhéachainsion, a núair do chunncadar na neithe do rinneadh ann, ag búaladh a nochda, do fhilleadar air a nais.

49. Agus do sheasadar a dháoine aitheanta, a bhfád úadh, agus na mná do lean é ón Ghalilé, ag féachain ar na neithibhsi.

50. Agus, féuch, tháinic fear dar bhainm Ióseph; do bhí na chomhairleach, na dhuine mhaith, agus na fhírean:

51. Nach a áontaigh dhá gcomhairle ná dá ngníomh súd; ó Arimatéa cathair do thír Iúduighe: agá raibh suil fós ré rioghachd Dé.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 23