Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 23:35-41 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

35. Agus do sheas an pobal ag fhéachain air. Agus do rinneadar na húachdaráin leis fonómhad fáoi maille ríusán, ag rádh, Dfóir sé ar dháoinibh eile; foireadh sé air féin, mas é so Criosd, do thogh Día.

36. Agus fós do rinneadar na saighdiuirigh fonómhad fáoi, ag drud ris, agus ag tairgsin bhinéigre dhó,

37. Agus ag rádh, Mas tusa rí na Níuduigheadh, fóir ort féin.

38. Agus fós do bhí sgríbhneóireachd sgríobhtha ós a chionn do litreachabh Gréigis, agus Laidní, agus Eabhrias, A SE SO RI NA NIUDUIGHEADH.

39. Achd do bhí áon do na meirleachaibh do crochadh dá mhaslughadh, ag rádh, Mas tú Críosd, fóir ort féin agus oruinne.

40. Agus ar bhfreagra don fhear eile, do spreag sé é, ag rádh, A né nach bhfuil eagla Dé ort, agus tú fa áondhamnadh ris?

41. Achd sinne go deimhin go ceart; (óir fúaramar na neithe do thuilleadar ar ngníomhartha): achd ní dhearna an tési olc ar bith.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 23