Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 23:24-34 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

24. Agus rug Píoláid do bhreith an ní díarradarsan do dhéanamh.

25. Agus do léig sé amach chuca an té do teilgeadh a bpriosún ar son cheannairce agus marbhtha, noch do íarradar; agus tug sé Iósa dhá dtoilsion.

26. Agus an tan do rugadar léo é, ar mbreith ar Shiréanach áirighe, dar bhainm Simon, do bhí ag teachd ón túaith, do chuireadar an chroch air, dá hiomchara ndíaigh Iósa.

27. Agus do lean cuideachda mhór don phobal, agus do na mnáibh é, do bhí fós ag gul agus dá cháoineadhsan.

28. Agus ar bhfilleadh chuca a dubhairt Iósa, A ingheana Ierusaléim, ná guilidh ar mo shonsa, achd guilidh ar bhar son féin, agus ar son bhar gcloinne.

29. Oír, féuch, tiochfuid na láethe, iona naibéoruid said, Is beannuighthe na mná seasga, agus na bronna nach ar thuismidh, agus na cíocha nach dtug bainne úatha.

30. Ann sin thionnsganaid a rádh ris na sléibhtibh, Tuitigh oruinn; agus ris na cnocaibh, Folnighe sinn.

31. Oír má níd síad na neithesi ris an crann úr, créd do dhéantar ris an ccríon?

32. Agus fós tugadh días eile meirleach da ccur chum báis na fhochairsion.

33. Agus an tan tanagadar do nionad dá ngoirthear Ait na cloigne, do chrochadar ann sin é féin, agus na meirligh, fear air a dheis, agus fear eile air a láimh chlé.

34. Agus a dubhairt Iósa, A Athair, maith dhóibh; óir ní bhfuil a fhios aca créd do nid said. Agus an roinn a éaduighsion, do theilgeadar crannchar orthu.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 23