Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 23:22-29 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

22. Agus a dubhairt sé rín an treas uáir, Achd, créud é an tolc do rinne sé? ní fhuair mísi cúis bhais ar bith air: ar a nadhbharsin ar na smachdughadh, leigfidh mé amach é.

23. Achd do sheasadarsan go cruáidh ná aghuidh lé gothannuibh móra, ag íarruidh eisiondo chrochadh. Agus do bhuaidheadar a ngóthasan agus gótha úachdarán na sagart.

24. Agus rug Píoláid do bhreith an ní díarradarsan do dhéanamh.

25. Agus do léig sé amach chuca an té do teilgeadh a bpriosún ar son cheannairce agus marbhtha, noch do íarradar; agus tug sé Iósa dhá dtoilsion.

26. Agus an tan do rugadar léo é, ar mbreith ar Shiréanach áirighe, dar bhainm Simon, do bhí ag teachd ón túaith, do chuireadar an chroch air, dá hiomchara ndíaigh Iósa.

27. Agus do lean cuideachda mhór don phobal, agus do na mnáibh é, do bhí fós ag gul agus dá cháoineadhsan.

28. Agus ar bhfilleadh chuca a dubhairt Iósa, A ingheana Ierusaléim, ná guilidh ar mo shonsa, achd guilidh ar bhar son féin, agus ar son bhar gcloinne.

29. Oír, féuch, tiochfuid na láethe, iona naibéoruid said, Is beannuighthe na mná seasga, agus na bronna nach ar thuismidh, agus na cíocha nach dtug bainne úatha.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 23