Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 23:15-27 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

15. Agus fós, ní fhúair, Ioruáidh: óir do chuir mé chuige sibh; agus, féuch, ní dhearnuidh níar bith leis do thuillfeadh bás.

16. Ar a nadhbharsin ar na smachdughadh, léighfidh mé uáim é.

17. Oír dob éigean dí neach éigin do léigean amach dhóibh ann sa bhféasda.

18. Achd do éigh an choimthionol uile, ag rádh, Beir uáinn an fearsa, agus sgáoil dúinne Barabbas:

19. Do bhí ar na chur a bpriosún tré cheannairc áirighe, agus trí mharbhadh, do rinneadh ann sa chathraigh.

20. Ar a nadhbharsin, do labhair Píoláid rín a rís, ar mbeith fonnmhar dhó ar Iósa léigean úadh.

21. Achd do éimhgheadarsan, ag rádh, Croch é, croch é.

22. Agus a dubhairt sé rín an treas uáir, Achd, créud é an tolc do rinne sé? ní fhuair mísi cúis bhais ar bith air: ar a nadhbharsin ar na smachdughadh, leigfidh mé amach é.

23. Achd do sheasadarsan go cruáidh ná aghuidh lé gothannuibh móra, ag íarruidh eisiondo chrochadh. Agus do bhuaidheadar a ngóthasan agus gótha úachdarán na sagart.

24. Agus rug Píoláid do bhreith an ní díarradarsan do dhéanamh.

25. Agus do léig sé amach chuca an té do teilgeadh a bpriosún ar son cheannairce agus marbhtha, noch do íarradar; agus tug sé Iósa dhá dtoilsion.

26. Agus an tan do rugadar léo é, ar mbreith ar Shiréanach áirighe, dar bhainm Simon, do bhí ag teachd ón túaith, do chuireadar an chroch air, dá hiomchara ndíaigh Iósa.

27. Agus do lean cuideachda mhór don phobal, agus do na mnáibh é, do bhí fós ag gul agus dá cháoineadhsan.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 23