Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 23:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus ar néirghe dá ccoimhthional uile, rugadar chum Pioláid é.

2. Agus do thionnsgnadar cúis do chuir air, ag radh, Fúramar an fearsa ag iompódh ar gcinidh, agus ag toirmeasg cíosa do thabhairt do Shéasar, ag rádh gur ab é féin Críosd an Rí.

3. Agus a dfíafruidh Pioláid dhe, ag rádh, An tusa Rí na Níudaighe? Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ris, A deir tusa sin.

4. Agus a dubhairt Píoláid ris na hárdsagartuibh agus ris an tslúagh, Ní fhaghaimsi cúis ar bith air a bhfearso.

5. Achd do theannadarsan orrtham ag rádh, Buáidhridh sé an pobal, ag teagasg ar feadh thíre Iúdaighe uile, ag teasgasg ar feadh thíre Iúdaighe uile, ag tosughadh ón Ghalilé go soithe so.

6. Agus mar do chúaluidh Píoláit teachd thar an Ngalilé, dfiarfruidh sé dhe nar Ghaliléeach é.

7. Agus an tan daithin sé gur ab fá thumhachduibh Iornáth do bhí sé, do chuir sé ar ais é chum Iorúaidh, do bhí Níarusalém ann sna láethibh sin.

8. Agus ar bhfaicsin Iósa Díoruáidh, do ghabh lúathgháire mhór é: óir do bhí fonn air ré fada eision dfaicsin, do bhrigh go gcúaluidh sé mórán air; agus do bhí dóchas aige go bhfaicfeadh sé comhtharra éigin ar na dhéanamh leis.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 23