9. Achd a dubhradarsin ris, Cía a náit ann ar toil leachd sinn dá ullmhughadh?
10. Agus a dubhairt sé ríu, Féuch, tar éis dul a sdeach sa chathraigh dháoibh, teigeamhuidh duine áirghe oruibh, ag iomchar shoighthigh uisge; leanaidh é don tigh iona racha sé a sdeach.
11. Agus abruidh ré fear an tighe, A deir an Maighisdir riot, Cáit a bhfuil an Ióisdín, iona níosa mé an cháisg maille rem dheisciobhluibh?
12. Agus taisbéanuigh seision dáoibh séomra mór uachtrach deaghmhaisioch: ullmhuighidh ann sin é.
13. Agus ar nimtheachd dóibhsion, fuaradar mar a dubhairt seision riu: agus dullmhuigheadar an cháisg.
14. Agus an tráth tháinic an tam, do shuidh sé síos, agus a dhá dheisciobal deg maille ris.
15. Agus a dubhairt sé ríu, Do bhí fonn romhór oram an cháisgse do chaitheamh maille ribhsi suil fhuileongas mé:
16. Oír a deirim ribh, Nach íosa mé dhe ní as mó, nó go gcoimhlíontar é a ríoghachd Dé.
17. Agus ar ngabháil an chupáin chuige, ar mbreith buidheachais dó, a dubhairt sé, Glacaidh so, agus roinnidh eadruibh féin é.
18. Oír a deirim ribh, Nach iobhta mé do thoradh na fineamhna, no go dtíg rioghachd Dé.
19. Agus ar ngabháil a nárain chuíge, ar mbreith huidheachais dó, do bhris, agus tug sé dhóibhsean é, ag rádh, A sé so mo chorpsa do bhearthar áir bhur sonsa: déanuidh so mar chuimhne oramsa.
20. Agus mar an gcéadna an cupán fós tar éis suipéir, ag rádh, A sé an cupánsa an tiomna núa ann mfhuilsi, dhóirtear ar bhar sonsa.
21. Achd, féuch, lámh an té bhraitheas misi am fhochair ar an mbórd.