64. Agus an tan do fholuigheadar é, do bhuáileadar a aghuidh, agus dfiafruidheadar dhe, ag rádh, Déana fáigheadóireachd, cía bhúail thú?
65. Agus a dubhradar mórán do neithibh eile na aghaidh dhá mhaslughadh.
66. Agus mar déirigh an lá, do chrinnigheadar sinnsir an phobuil, agus na hárdsagairt, agus na sgríobuidhe a bhfochair a chéile, agus tugadar eision chum a gcomhairle féin,
67. Ag rádh, An tusa Críosd? innis dúinne. Agus a dubhairt seision riu, Má innisim dháoibh, ní chreidfidhe mé:
68. Agus fós ma fhiafruighim í dhíbh, ní thiobhartháoi freagra oram, agus ní léighfi uáibh mé.
69. Sam aimsir aig teachd biáidh Mac an duine na shuighe ar deis chumhachd Dé.
70. Agus a dubhradar uile ris, mar sin an túsa Mac Dé? Agus a dubhairt seision riú, A deirthisi gur ab mé.