Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 22:59-65 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

59. Agus a dtimcheall áonuáire amháin na dhiáigh sin, do dhearbhuigh neach áirighe ele, ag rádh, Go firinneach do bhí an tési leis na fhochair súd: óir is Galiléeach é.

60. Achd a dubhairt Peadar, A dhaine, ní bhfuil a fhios agam créd a deir tú. Agus ar an mball, an feadh do bhí sé ag labhairt, do ghoir an coileach.

61. Agus ar gcasadh don Tighearna, dféuch sé ar Pheadar. Agus do chumhnigh Peadar ar chomrádh an Tighearna, cionnas a dubhairt sé ris, Suil ghoirfeas an coileach, séanfuidh tú mé trí huáire.

62. Agus ar ndol amach do Pheadar, do ghuil sé go gér.

63. Agus na dáoine do chuinnigh Iósa do rinneadar fonómhad fáoi, dá bhúaladh;

64. Agus an tan do fholuigheadar é, do bhuáileadar a aghuidh, agus dfiafruidheadar dhe, ag rádh, Déana fáigheadóireachd, cía bhúail thú?

65. Agus a dubhradar mórán do neithibh eile na aghaidh dhá mhaslughadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 22