Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 22:57-67 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

57. Agus do shéan seision é, ag rádh, A bhean, níor bhaithnidh damh é.

58. Agus beagán na dhiáigh sin ar na fhaicsin do neach eile, a dubhairt sé, Agus is díobh súd thusa fós. Achd a dubhairt Peadar, A dhuine, ní díobh misi.

59. Agus a dtimcheall áonuáire amháin na dhiáigh sin, do dhearbhuigh neach áirighe ele, ag rádh, Go firinneach do bhí an tési leis na fhochair súd: óir is Galiléeach é.

60. Achd a dubhairt Peadar, A dhaine, ní bhfuil a fhios agam créd a deir tú. Agus ar an mball, an feadh do bhí sé ag labhairt, do ghoir an coileach.

61. Agus ar gcasadh don Tighearna, dféuch sé ar Pheadar. Agus do chumhnigh Peadar ar chomrádh an Tighearna, cionnas a dubhairt sé ris, Suil ghoirfeas an coileach, séanfuidh tú mé trí huáire.

62. Agus ar ndol amach do Pheadar, do ghuil sé go gér.

63. Agus na dáoine do chuinnigh Iósa do rinneadar fonómhad fáoi, dá bhúaladh;

64. Agus an tan do fholuigheadar é, do bhuáileadar a aghuidh, agus dfiafruidheadar dhe, ag rádh, Déana fáigheadóireachd, cía bhúail thú?

65. Agus a dubhradar mórán do neithibh eile na aghaidh dhá mhaslughadh.

66. Agus mar déirigh an lá, do chrinnigheadar sinnsir an phobuil, agus na hárdsagairt, agus na sgríobuidhe a bhfochair a chéile, agus tugadar eision chum a gcomhairle féin,

67. Ag rádh, An tusa Críosd? innis dúinne. Agus a dubhairt seision riu, Má innisim dháoibh, ní chreidfidhe mé:

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 22