Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 22:52-63 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

52. Agus a dubhairt Iósa ris na hardsagartaibh, agus úachdaráuibh an teampuill, agus na seinnsearaibh, tháinic chuige, An dtangabhair amach, le cloidhimhthibh agus le batuidhibh, amhuil chum bhiothainhnuigh?

53. An tan do bhí me gach lá agaibh sa teampall, níor shineabhair lámha dhamh: achd a sí so bhar nuáirsi, agus cumhachda an dorchaduis.

54. Achd ar mbreith airsion, rugadar léo é, go tigh an ardshagairt. Agus do lean Peadar a bhfad úadh é.

55. Agus an tráth do lasadar teine ar lár na halla, agus so shuigheadar na timchioll a bhfochair a chéile, do shuidh Peadar catarra.

56. Agus an tan do chunnairc cailín áirighe é na shuidhe ag an teinidh, ar bhfeachain go gér dhí air, a duabhaiet sí, Do bhi an fearso fós na fhochair súd.

57. Agus do shéan seision é, ag rádh, A bhean, níor bhaithnidh damh é.

58. Agus beagán na dhiáigh sin ar na fhaicsin do neach eile, a dubhairt sé, Agus is díobh súd thusa fós. Achd a dubhairt Peadar, A dhuine, ní díobh misi.

59. Agus a dtimcheall áonuáire amháin na dhiáigh sin, do dhearbhuigh neach áirighe ele, ag rádh, Go firinneach do bhí an tési leis na fhochair súd: óir is Galiléeach é.

60. Achd a dubhairt Peadar, A dhaine, ní bhfuil a fhios agam créd a deir tú. Agus ar an mball, an feadh do bhí sé ag labhairt, do ghoir an coileach.

61. Agus ar gcasadh don Tighearna, dféuch sé ar Pheadar. Agus do chumhnigh Peadar ar chomrádh an Tighearna, cionnas a dubhairt sé ris, Suil ghoirfeas an coileach, séanfuidh tú mé trí huáire.

62. Agus ar ndol amach do Pheadar, do ghuil sé go gér.

63. Agus na dáoine do chuinnigh Iósa do rinneadar fonómhad fáoi, dá bhúaladh;

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 22