Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 22:42-59 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

42. Ag rádh, A Athair, mas toil leachd, cuir an cupánsa thoram: ach cheana nar ab í mo thoilsi, achd do thoilsi, do dhéantar.

43. Achd do taisbéanadh dhó aingeal ó neamh dá chomhfhurtachd.

44. Agus ar mbeith a nanbhuain mhóir dhósan do rinne sé urnuighe ní as díthchiolluighe: agus do bhí a allas mar bhráona mora fola ag tuitim ar talamh.

45. Agus an tan déirigh sé ó umuighe, tháinic sé chum a dheisciobal, agus fuair sé na gcodladh íad tré thuirsi,

46. Agus a dubhairt sé rú, Créd fá gcodaltáoi? éirghidh agus déanuidh urnuighe, do chum nach dtuitfeadh sibh a gcathughadh.

47. Agus ag labhairt dó fós, féuch an slúagh, agus an té dá ngoirthí Iúdas, áon don dá fhear déag, ag gabháil rompa, agus do dhruid sé ré Hiosa do thabhairt póige dhó.

48. Agus a dubhairt Iósa ris, A Iúdais, an lé poig bhraithbeas tú Mac an duine?

49. Agus an tan do chunncadar an dream do bhí ná thimcheallsan an ní do bhí ag teach, a dubhradar ris, A Thighcarna, an mbuáilfeam lé cloidheamh?

50. Agus do bhuáil fear dhíobh searbhfhoghantuidhe a nárdshagairt, agus do bhean sé a chlúas dheas de.

51. Achd do fhreagair Iósa agus a dubhairt, Fuilngidh go soithe so. Agus ar mbuáin ré na chluáis súd, do shlánuigh sé é.

52. Agus a dubhairt Iósa ris na hardsagartaibh, agus úachdaráuibh an teampuill, agus na seinnsearaibh, tháinic chuige, An dtangabhair amach, le cloidhimhthibh agus le batuidhibh, amhuil chum bhiothainhnuigh?

53. An tan do bhí me gach lá agaibh sa teampall, níor shineabhair lámha dhamh: achd a sí so bhar nuáirsi, agus cumhachda an dorchaduis.

54. Achd ar mbreith airsion, rugadar léo é, go tigh an ardshagairt. Agus do lean Peadar a bhfad úadh é.

55. Agus an tráth do lasadar teine ar lár na halla, agus so shuigheadar na timchioll a bhfochair a chéile, do shuidh Peadar catarra.

56. Agus an tan do chunnairc cailín áirighe é na shuidhe ag an teinidh, ar bhfeachain go gér dhí air, a duabhaiet sí, Do bhi an fearso fós na fhochair súd.

57. Agus do shéan seision é, ag rádh, A bhean, níor bhaithnidh damh é.

58. Agus beagán na dhiáigh sin ar na fhaicsin do neach eile, a dubhairt sé, Agus is díobh súd thusa fós. Achd a dubhairt Peadar, A dhuine, ní díobh misi.

59. Agus a dtimcheall áonuáire amháin na dhiáigh sin, do dhearbhuigh neach áirighe ele, ag rádh, Go firinneach do bhí an tési leis na fhochair súd: óir is Galiléeach é.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 22