Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 22:36-49 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

36. Ar a nadhbharsin a dubhairt sé ríu, Achd a nois, gidh bé agá bhfuil sparán tógbhadh sé é, agus a mhála mar an gcéadna: agus gidh bé ag nach bhfuil, reacadh sé a bhrat, agus ceannchadh sé cloidheamh.

37. Oir a deirim ribh, Gur ab éigin fós an ní atá sgriobhtha do choimhlíonadh ionnamsa, Agus atá sé ar na chomháireamh a measg na ndáoine coirthéach: óir na neithe úd atá am thaoibhse atá deireadh aca:

38. Achd a dubhradarsan, A Thighearna, féuch, dhá chloidheamh ann so. Achd a dubhaier seision ríu, Is lór sin.

39. Agus ar nimtheachd amach dhó, do chúaidh sé, do réir a ghnáthuighthe, go slíabh na Noluidheadh; agus fós do leanadar a dheisciobuil é.

40. Agus an tán tháinic sé chum na háite, a dubhairt sé ríu, Déanunidh urnuighe ionnus nach dteigeamhadh sibh a ccáthughadh.

41. Agus do tairrngeadh eision úatha a dtimcheall urchair cloiche, agus agá léigean air a ghlúinibh, do rinne sé urnuighe,

42. Ag rádh, A Athair, mas toil leachd, cuir an cupánsa thoram: ach cheana nar ab í mo thoilsi, achd do thoilsi, do dhéantar.

43. Achd do taisbéanadh dhó aingeal ó neamh dá chomhfhurtachd.

44. Agus ar mbeith a nanbhuain mhóir dhósan do rinne sé urnuighe ní as díthchiolluighe: agus do bhí a allas mar bhráona mora fola ag tuitim ar talamh.

45. Agus an tan déirigh sé ó umuighe, tháinic sé chum a dheisciobal, agus fuair sé na gcodladh íad tré thuirsi,

46. Agus a dubhairt sé rú, Créd fá gcodaltáoi? éirghidh agus déanuidh urnuighe, do chum nach dtuitfeadh sibh a gcathughadh.

47. Agus ag labhairt dó fós, féuch an slúagh, agus an té dá ngoirthí Iúdas, áon don dá fhear déag, ag gabháil rompa, agus do dhruid sé ré Hiosa do thabhairt póige dhó.

48. Agus a dubhairt Iósa ris, A Iúdais, an lé poig bhraithbeas tú Mac an duine?

49. Agus an tan do chunncadar an dream do bhí ná thimcheallsan an ní do bhí ag teach, a dubhradar ris, A Thighcarna, an mbuáilfeam lé cloidheamh?

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 22